Skip to primary navigation Skip to content Skip to footer

CADHCÁIL LE COIS MHÓRCHUAIRD CHIARRAÍ

Bain triail as cadhcáil in Éirinn!

Adult 16+ years old
45
Child 6-15 years old
28
Family 2 Adults (16+) | 2 Children (6-15)
135

Aimsigh áilleacht Mhórchuaird Chiarraí agus tar linn ar chamchuairt cadhcála. Cuir aithne ar an bhfiadhúlra a mhaireann i Loch Luíoch ar an turas uisce iontach seo.

Tiocfaidh ár dteagascóirí cáilithe leat ar an turas álainn seo agus bainfidh tú taitneamh as radharcanna eisceachtúla den cheantar áitiúil, as an mbithéagsúlacht agus as an suaimhneas ar an uisce.

Ní gá taithí cadhcála a bheith agat. Cuirtear an trealamh ar fad ar fáil.

Cuir do thuras cadhcála ar Mhórchuaird Chiarraí in áirithe inniu.

Tabhair leat…
-Éadaí snámha chun iad a chaitheamh faoi do chulaith uisce
-Culaith uisce (is féidir linn culaith uisce a sholáthar mura bhfuil ceann agat)
-Buataisí snámha nó seanbhróga a d’fhéadfá a chaitheamh san uisce
-Uachtar gréine
-Tuáille
-Uisce le n-ól
-Fonn eachtraíochta má tá sé agat (ach mura bhfuil, cabhróimid leat é a fháil ar an uisce!)