Tar ar shiúlóid ar an gcladach áitiúil in éineacht le bitheolaithe mhuirí a chabhróidh leat teacht ar na rúin atá faoi cheilt ag na hainmhithe a mhaireann sa timpeallacht dhúshlánach seo.
Féachaimid ar locháin charraige agus féachaimid ar na hainmhithe a mhaireann iontu, foghlaimímid fíricí iontacha agus tagaimid ar portáin, cloicheáin, crosóga mara, agus go leor leor eile! Bainfidh gach aon duine, idir óg agus aosta, an-taitneamh go deo as an eispéireas seo!
Bíonn Safari Cois Cladaigh ar siúl againn gach Luan, Céadaoin agus Aoine i rith an tsamhraidh (ag brath ar an aimsir). Braitheann am na heachtra ar an taoide. Seol ríomhphost chugainn le haghaidh tuilleadh eolais!
Cuir do safari cois cladaigh in áirithe inniu.