Skip to primary navigation Skip to content Skip to footer

SEASCHÉASLÓIREACHT

Seaschéaslóireacht ar Loch Luíoch.

Adult 16+ years old
45
Child 6-15 years old
28
Family 2 Adults (16+) | 2 Children (6-15)
135

Bain taitneamh as suaimhneas Loch Luíoch, an loch is mó sa Choireán a bhfuil tarraingt mhór air mar áit iascaireachta breac geal. Bain taitneamh as radharcanna dochreidte ar an turas iontach seo. Deirtear go bhfuil an tseaschéaslóireacht cosúil le bheith ag siúl ar an uisce!

Agus tú i do sheasamh ar an gclár ar snámh ar an uisce, cloisfidh tú scéalta faoi locha agus aibhneacha na leithinse ó do threoraí. Tá gach treoraí cáillithe mar theagascóir seaschéaslóireachta leis an ASI.

Ní gá le haon taithí seaschéaslóireachta. Cuirtear an trealamh ar fad ar fáil.

Tabhair leat…
-Éadaí snámha chun iad a chaitheamh faoi do chulaith uisce
-Culaith uisce (is féidir linn culaith uisce a sholáthar mura bhfuil ceann agat)
-Buataisí snámha nó seanbhróga a d’fhéadfá a chaitheamh san uisce
-Uachtar gréine
-Tuáille
-Uisce le n-ól
-Fonn eachtraíochta má tá sé agat (ach mura bhfuil, cabhróimid leat é a fháil ar an uisce!)